9 Uime sin fós cía bé aca bhiam ag fuireach, na ag imtheachd, is rofhonnmhar sinn air a thoilsean do dhéanamh.
10 Oír as eigean dúinn uile dul a lathair chaithíre bhreitheamhnuis Chríosd; ionnus go ngéubhadh gach éunduine chuige na neithe do rinne sé sa gcoluinn, do réir an ghníomha do rinne sé maith nó olc.
11 Uime sin ar mbeith feasach dhúinn air bhuirbe an Tighearna, táirngéamaóid daóime chum creidmhe, agus as follus do Dhía sinn; agus atá dóigh agam go bhfuilmid follas do bhur ccoinnsiasuibhse mar an gcéudna.
12 Oír ní bhfuilmís a rís dar moladh féin ribhse, achd do bheirmíd fáth gáirdeachais díbh dhár dtáobh, ionnus go mbíadh freagra aguibh ré thabhairt ar an druing do ní gáirdeachas a ngnúis, agus ní a gcroidhe.
13 Oír má atámuid ar saóbh chéille, is do Dhía atámuid ar saóbh céille: nó más deaghchíall atá aguinn, is daóibhse atámuid ar dheaghchéill.
14 Oír atá grádh Chríosd dar mbrosdughadh; ar na bhreathnughadh so dhúinn, eadhon má fuáir éunduine bás ar son na nuile, go bhfúaradar uile bás:
15 Agus go bhfuáir seisean bás ar son na nuile, ionnus nach bíadh an dream atá béo ó so amach béo dhóibh féin, achd don to fuáir bás ar a son, agus do éiséirghe.