1 Uime sin a dhearbhráithre grádhacha, ar bhfagháil na ngeallamhnachsa dhúinn, glanum sinn féin ó uile shalchar na féola agus na spioruide, ag críochnughadh náomhthachda a neagla Dé.
2 Gabhuidh sinne chuguibh; ní dhearnamar eugcóir ar éunduine, ní thruáilleamar éunduine, ní dhearnamar éudail ar éunduine.
3 Ní chum sibhse dháoradh a deirim so: óir a dubhairt mé roimhe, go bhfuiltí ann ar gcroidhibhne chum báis agus beatha dfagháil a bhfochair a chéile.
4 As mór an dánachd labhairt do ním oruibh, is mór mo gháirdeachas ar bhur son: atáim lán do mheanma, is ró líonta mé do gháirdeachas ann ar nuile bhuáidhirt.
5 Oir, ar dteachd dúinn go Macedónia, ní bhfuáir ar bhféoil suáimhneas ar bith, achd air buáidhreadh air gach táobh; comhraic don táobh a muigh dhínn, agus eagla don táobh a sdigh.
6 Achd Día, do bheir furtachd do na daóinibh anbhfanna, tug sé furtachd dúinne ré teachd Thítuis;
7 Agus ní ré a theachdsan amháin, achd mar an gcéudna ris an bhfurtachd fuáir seision úaibhse, an tan do aithris sé dhúinn bhur bhfonn romhórsa, bhur gcaóineadh, bhur dteasgrádh dhamhsa; ionnus gur móide do ghabh gáirdeachas mé.