5 Oir, ar dteachd dúinn go Macedónia, ní bhfuáir ar bhféoil suáimhneas ar bith, achd air buáidhreadh air gach táobh; comhraic don táobh a muigh dhínn, agus eagla don táobh a sdigh.
6 Achd Día, do bheir furtachd do na daóinibh anbhfanna, tug sé furtachd dúinne ré teachd Thítuis;
7 Agus ní ré a theachdsan amháin, achd mar an gcéudna ris an bhfurtachd fuáir seision úaibhse, an tan do aithris sé dhúinn bhur bhfonn romhórsa, bhur gcaóineadh, bhur dteasgrádh dhamhsa; ionnus gur móide do ghabh gáirdeachas mé.
8 Oír ge gur chuir mé doilgheas óruibh rém litir, ní bhfuil sé na aithreachas oram, ge go raibh sé na aithreachas oram: oír do chím gur chuir an litir sin doilgheas oruibhsi, bíodh nár chuir achd ar feadh tamuill.
9 Atá gáirdeachas a nois oram, ní ar son doilghis do bheith oruibhsi, achd fá dhoilgheas do bheith oruibh chum na haithrighe: óir is do réir Dé do bhí doilgheas oruibh, ionnas nach dearnadh díoghbháil díbh ar éunchor dár dtáoibhne.
10 Oír an doilgheas bhíos do réir Dé oibrighe sé aithrighe chum slánaighthe nach aithreach linn: achd óibrigheann doilgheas an tsáogháil bás.
11 Oír féuch a níse féin, doilgheas do bheith oruibh do réir Dé, créd é méd na dúthrachda do oibrigh sé ionnuibh, agus fós an leisgéil, agus fós an reachd feirge, agus na heagla, agus fós an rómhíanghuis, agus fós, an teas grádha, agus fós, an dioghaltuis! Do fhoillsigheabhair sibh féin ar gach éunchor do bheith glan sa nadhbharsa.