9 Atá gáirdeachas a nois oram, ní ar son doilghis do bheith oruibhsi, achd fá dhoilgheas do bheith oruibh chum na haithrighe: óir is do réir Dé do bhí doilgheas oruibh, ionnas nach dearnadh díoghbháil díbh ar éunchor dár dtáoibhne.
10 Oír an doilgheas bhíos do réir Dé oibrighe sé aithrighe chum slánaighthe nach aithreach linn: achd óibrigheann doilgheas an tsáogháil bás.
11 Oír féuch a níse féin, doilgheas do bheith oruibh do réir Dé, créd é méd na dúthrachda do oibrigh sé ionnuibh, agus fós an leisgéil, agus fós an reachd feirge, agus na heagla, agus fós an rómhíanghuis, agus fós, an teas grádha, agus fós, an dioghaltuis! Do fhoillsigheabhair sibh féin ar gach éunchor do bheith glan sa nadhbharsa.
12 Uime sin, biodh gur sgríobh mé chuguibh, ní ar son an tí do rinne a néugcóir do sgríobh mé, ná ar son an tí ar a ndearnadh a néugcóir, achd ionnus go mbíadh ar ndúthrachdne bhur dtimcheallsa follus daóibh a bhfíadhnuisi Dé.
13 Ar a nadhbharsa, fúaramar cómhfhúrtachd do bhrígh na furtachda fúarabhairse: achd bá ró mhó ná sin do bhí gáirdeachas oruinn fá gháirdeachas Thítuis, do bhrígh gur meanmnuigheadh a spiorad uáibhse uile.
14 Agus do bhrígh má rinne mé mórdháil a néinní rision bhur dtáóbhsa, nár cuireadh adhnáire oram: achd amhuil do lábhramar ribhse na húile neithe a bhfírinne, gur ab ámhluidh sin mar an gcéudna fríth ar mórdháil asuibhse, ré Títus, na fhírinne.
15 Agus a líonmhuire ná sin atá toil a chroídhesion daoíbhse, ag coímhniughadh bhur númhlachd uile dhó, mar do ghabhabhair chugaibh é maille re faitcheas agus ré croíthnughadh.