19 (Agus ní hé amháin, achd do toghadh é mar an gcéudna ris na heagluisibh mar fhear comhaisdir aguinne do tháobh an ghrássa, do nímid a mhiniosdrálachd chum glóire an Tighearna ceudna, agus chum go bhfoillséochthaói bhur ninntinn ro ullamhsa:)
20 Ar mbeith dhúinn ag seachna ar ndiomolta do neach ar bith sa bhfairsingesi, do níthear do mhiniosdrálachd rinn:
21 Ar mbeith dhúinn ag soláthar dheaghneitheann, ní hé amháin a bhfíadhnuisi an Tighearna, achd a bhfíadnuisi na ndaóine mar an gcéudna.
22 Agus do chuireamar ár ndearbhráthair ma ráon ríu, noch do dhearbhamar go minic do bheith dúthrachdach a morán do neithibh, agus a nois ní sa dhúthrachduighe ná sin, do bhrígh an rodhóchuis atá aige asuibhse.
23 Achd a dtaóibh Thítuis, a sé mo chompánachsa é agus mo chomhoibrighe bhur dtáobhsa: nó a dtáobh ar ndearbhráithreach, a síad teachdáirighe na neaglúiseadh íad, agus glóir Chríosd.
24 Uime sin cuiridh dearbhthachd bhur ngrádha, agus ar mordháilne asuibhse, a númhail dóibh, a bhfiadhnuisi na neagluiseadh.