1 Oir a dtáobh mhiniosdrálachda do dhéunamh do na náomhuibh, as iomarcach dhamh sgríobhadh chuguibh:
2 Oír atá fios ullmhachda bhur ninntinne agum, as a ndéanuim mórdháil asuibhse ris na Macedónachaibh, ag rádh, Go bhfuil blíadhuin ó bhí Achaía ullamh; ionnas gur bhrosduigh bhur niomthnúthsa morán.
3 Agus do chuir mé na dearbhráithreachasa ar siubhal, ionnus nach bíadh mó mhórdhail asuibhsi diomhaóin sa gcáilsi; agus go mbíadh sibhse ullamh, mar a dubhairt mé:
4 Deagla má thigid na Macedónachaigh riom, agus go bfuighid síad sibhse neamhullamh, go mbíadh adhnáire oruinne gan teachd oruibhse fa mhéid na mordhálasa.
5 Uime sin do bhreathnuidh mé gur ríachdanach na dearbhráithre bhrósdughadh, chum teachd chugaibhsi dhóibh ar tús, agus bhur nalmsana air ar labhradh cheana do chríochnughadh roimh láimh, ionnus go mbíadh sí ullamh, mar ní gheibhtheur tré dháonnachd, agus ní ré crúadháil.
6 Agus bíodh so ar cuimhne aguibh, An tí shíolchuireas go tana is go tana bheanfus sé; agus an tí shíolchuireas go tiugh is go tiugh bheanfus sé.
7 Tabhradh gach áon úadh do réir thogra a chroidhe, ní maille ré doithcheall, nó ré héigean: oír is ionmhuin ré Día an tí bhronnus go soilbhir.