4 Deagla má thigid na Macedónachaigh riom, agus go bfuighid síad sibhse neamhullamh, go mbíadh adhnáire oruinne gan teachd oruibhse fa mhéid na mordhálasa.
5 Uime sin do bhreathnuidh mé gur ríachdanach na dearbhráithre bhrósdughadh, chum teachd chugaibhsi dhóibh ar tús, agus bhur nalmsana air ar labhradh cheana do chríochnughadh roimh láimh, ionnus go mbíadh sí ullamh, mar ní gheibhtheur tré dháonnachd, agus ní ré crúadháil.
6 Agus bíodh so ar cuimhne aguibh, An tí shíolchuireas go tana is go tana bheanfus sé; agus an tí shíolchuireas go tiugh is go tiugh bheanfus sé.
7 Tabhradh gach áon úadh do réir thogra a chroidhe, ní maille ré doithcheall, nó ré héigean: oír is ionmhuin ré Día an tí bhronnus go soilbhir.
8 Agus as cumusach Día ar sibhse do líonadh do na huile ghrásaibh; ionnas ar bhfagháil bhur sáith dhaóibh a gcomhnuidhe do na huile neithibh, go líonfadh sibh chum gach uile dheaghoibre:
9 (Do réir mar atá sgríobhtha, Do leathnidh sé; agus tug sé do na bochdaibh: mairidh a fhiréuntachd go siorruidhe.
10 Agus an tí do bheir síol don tsioladóir agus arán chum beatha, go dtuguidh agus go méuduighe sé bhur síolchursa, agus go dtuguidh sé dó thorthuibh bhur bhfiréuntachda fás;)