1 Agus íarrmuid dathchuinghe oruibh, a dhearbhraithe, tré theachd ar Dtighearna Iósa Críosd, agus ar gcomhchruinnighne chuigesion,
2 Gan bheith dhíbh go hobann sobhogtha ó ninntinn atá aguibh, ná bheith buáidheartha, ó sbioruid, ná ó bhréithir, ná ó litir, mar do thiucfadh sí uainne, amhuil do bhíadh lá Chríosd do láthair.
3 Ná mealladh éunduine síbh ar ghléus ar bith: óir ni thuicfa an lá sin muna dtiucfaidh tréigean ar tús, agus go bhfoillseochar an duine peacthach, mac an damnuighe;
4 An námhuid do áirduigheas é féin ós cionn gach neithe dá ngoirthear Día, nó do nithear onóruigheadh; ionnas go súighfe sé mar Dhía a dteampoll Dé, dhá chur a gcéill gur Día é féin.
5 A né nach cumhuin libh, ar mbeith dhamh fós bhur bhfochair, go ndubhairt mé na neíthese ribh?
6 Agus a nois atá a fhios aguibh créud is toirmeasg ann chum a fhoillsighthe ann a ám féin.
7 Oír atá rúindíamhair na neimhdhíaghachda ag oibriughadh cheana: amháin an tí thoirmisgeas a nois cuirfidh sé toirmeasg, nó go dtógaibhthear as lár é.
8 Agus foillséochthar an tan sin an duine Neamhdhíaghadhsin, noch chlaóifeas an Tíghearna ré Sbiorad a bhéil, agus sgriosfus sé ré déallradh a theachd:
9 Eadhon an tí, aga bhfuil a theachd ó oibriughadh Shatáin maille ris a nuile chúmhachd agus ré cómharrthuibh agus ré hiongantuibh bréige,
10 Agus maille ris a nuile mhealltóireachd eugcóruidh a measg na druinge theid a múgha; do bhrígh ná ghabhadar grádh na fírinne chuca, chum a slánaighthe.
11 Agus air a nadhbharsa cuirfe Día chuca oibriughadh bríoghmhar séachráin, ionnus go cereidfidís an bhréug:
12 Ionnus go ndaimeontaói an méid uilé nar chreid a nfírinne, achd agá raibh a ndúil a néugcóir.
13 Gidheadh atá dfiachuibh oruinne buidheachas do bhreith do shíor ré Dí ar bhur sonsa, atá grádhuighthe ón Dtíghearna, ar a nadhbhar gur thogh Día sibh ó thosuigh chum slánaighthe tré náomthachd na Spioruidhe agus tré chreideamh na fírinne:
14 Chum ar ghoir sé síbh tré ar soisgélne, chum gnoghuighe ghlóire ar Dtíghearna Iósa Críosd.
15 Uime sin, a dhearbhráithre, seasuidh go daingean, agus congmhuídh na toirbhearta fúarabhair, noch do múineadh dhíbh, tré bhreithir, nó tré ar neipisdilne.
16 Agus gó dtuguidh an Tíghearna féin Iósa Críosd, agus Día, eadhon ar Nathair, noch do ghrádhuigh sinn, agus tug dhúinn comhfhurtachd síorruidhe agus muinighin mhaith tré ghrás,
17 Furtachd do bhur gcroidhthibh, agus go ndaingnidhe sé sibh sa nuile bhréithir agus dheaghobair.