10 Agus maille ris a nuile mhealltóireachd eugcóruidh a measg na druinge theid a múgha; do bhrígh ná ghabhadar grádh na fírinne chuca, chum a slánaighthe.
11 Agus air a nadhbharsa cuirfe Día chuca oibriughadh bríoghmhar séachráin, ionnus go cereidfidís an bhréug:
12 Ionnus go ndaimeontaói an méid uilé nar chreid a nfírinne, achd agá raibh a ndúil a néugcóir.
13 Gidheadh atá dfiachuibh oruinne buidheachas do bhreith do shíor ré Dí ar bhur sonsa, atá grádhuighthe ón Dtíghearna, ar a nadhbhar gur thogh Día sibh ó thosuigh chum slánaighthe tré náomthachd na Spioruidhe agus tré chreideamh na fírinne:
14 Chum ar ghoir sé síbh tré ar soisgélne, chum gnoghuighe ghlóire ar Dtíghearna Iósa Críosd.
15 Uime sin, a dhearbhráithre, seasuidh go daingean, agus congmhuídh na toirbhearta fúarabhair, noch do múineadh dhíbh, tré bhreithir, nó tré ar neipisdilne.
16 Agus gó dtuguidh an Tíghearna féin Iósa Críosd, agus Día, eadhon ar Nathair, noch do ghrádhuigh sinn, agus tug dhúinn comhfhurtachd síorruidhe agus muinighin mhaith tré ghrás,