3 Eóin 1 BEDELL

Gaius na scáthan ar an aoldheachd. 9 Agus Diotrephes na sbeuclar ar na doctuiribh ailghiosach, ardcheannach.

1 An, seanóir chum Gáiuis ghrádhuigh, dá bhfuil mó ghrádh go fírinneach.

2 A dhearbhráthair grádhuigh, do bfearr leam ar tús go bhfaghthá séun agus sláinte, amhuil atá séun ar thanam.

3 Oír do ghabh gáirdeachas mór mé, an tan thangadar na dearbhráithre agus do rinneadar fíadhnuise don fhírinne atá ionnadsa, do réir mar shiúbhlas tú sa bhfírinne.

4 Ní bhfuil gáirdeachas agum as mó ná so eadhon go gcluinim go bhfuilid mo chlann, ag suibhal sa bhfírinne.

5 A dhearbhráthair ghradhuigh, is deighchreideamheach do ní tú gach a ndéun tú do na dearbhráuthribh, agus do dhéoraidhibh;

6 Noch do rinne fíadhnuise dod ghrádh a láthair na heagluise: is maith do dhéunas tú, má bheir tú fá shlighe íad mar is fíu Día:

7 Oír is ar son a anmasan do chúadar amach, gan ní ar bith do ghlacadh dhóibh ó na Cinneadhachuibh.

8 Uime sin atá dfíachuibh oruinne a leithid sin do ghabháil chuguinn, ionnus go mbéimis ar gcómhluchd cabhartha do fhírinne.

9 Do sgríobh mé chum na heagluise: achd Diotréphes, rér mían áirdcheannas do bheith aige ós a gcionn, ní ghabhann sé chuige sinn.

10 Ar a nadhbharsa, más teachd dhamh, cuirfead a gcéill a ghníomhartha do ní sé, ag cur challóide orruinn ré bríathruibh urchóideacha: agus ní lór leis sin, achd ní ghabhann sé féin na dearbhráithre chuige, agus cuiridh toirmeasg ar an druing lér mhían, agus cuirídh sé amach as a neagluis íad.

11 A dhearbhráthair ghrádhuigh, na lean don nolc, achd don mhaith. An tí do ní an mhaith is ó Dhía atá sé: achd an tí do ní an tolc ni fhacuidh sé Día.

12 Atá deaghtheisd ar Demétrius ag na dearbhráithribh uile, agus ag an bhfírinne féin: agus do níomuidhne fós, fíadhnuise ris; agus atá a fhíos aguibhse gur fírinneach an fhíadhnuise do níomuid.

13 Do bhí mórán agum ré a sgríobhadh, achd ní hail leam a sgríobhadh chugad ré dúbh agus ré peann:

14 Oír atá súil agum ré thus dfaicsin go haithghearr, agus laibheóram béul ar bhéul. Síothcháin maille riot. Cuirid na cáirde a mbeannachd chugad. Beir beannachd chum na gcarad tré na nainm.

Caibidlí

1