9 Do sgríobh mé chum na heagluise: achd Diotréphes, rér mían áirdcheannas do bheith aige ós a gcionn, ní ghabhann sé chuige sinn.
10 Ar a nadhbharsa, más teachd dhamh, cuirfead a gcéill a ghníomhartha do ní sé, ag cur challóide orruinn ré bríathruibh urchóideacha: agus ní lór leis sin, achd ní ghabhann sé féin na dearbhráithre chuige, agus cuiridh toirmeasg ar an druing lér mhían, agus cuirídh sé amach as a neagluis íad.
11 A dhearbhráthair ghrádhuigh, na lean don nolc, achd don mhaith. An tí do ní an mhaith is ó Dhía atá sé: achd an tí do ní an tolc ni fhacuidh sé Día.
12 Atá deaghtheisd ar Demétrius ag na dearbhráithribh uile, agus ag an bhfírinne féin: agus do níomuidhne fós, fíadhnuise ris; agus atá a fhíos aguibhse gur fírinneach an fhíadhnuise do níomuid.
13 Do bhí mórán agum ré a sgríobhadh, achd ní hail leam a sgríobhadh chugad ré dúbh agus ré peann:
14 Oír atá súil agum ré thus dfaicsin go haithghearr, agus laibheóram béul ar bhéul. Síothcháin maille riot. Cuirid na cáirde a mbeannachd chugad. Beir beannachd chum na gcarad tré na nainm.