Tituis 1 BEDELL

Caibidil I

Módha na ndeagh easbóg agus na seanóireadh; 12 re peacadh dúthaidh na Gcrétánuigh, in-imdheargadh.

1 Pol, searbhfhoghantuigh Dé, agus absdal Iosa Críosd, do réir chreidimh dháoine thóghtha Dé, agus admhála na fírinne, noch atá réir dhíaghachda;

2 Chum muinighne na beatha marthanuighe, noch do gheall Día, ris nach féidir bréug a dhéunamh, suil do crúthuigheadh an dómhan;

3 Achd do fhoillsigh sé a bhríathar a nám iomchubhaidh tré sheanmóir an tsoisgeil, do fágbhadh táobh riumsa do réir áithne De ar Slánaightheóra;

4 Chum Títuis, mo mhac ionmhuin, do réir an chréidimh choitchinn: Grása, trócaire, agus síothcháin ó Dhía Athair agus ón Dtíghearna Iósa Críosd ar Slánaightheóir.

5 A sé ádhbhar fár fhág mé thú a Gcréta, ionnus go leanfá do chéartughadh na neitheann atá fós gan cheartughadh, agus go nóirdeócha sagairt ann gach cathair, do réir mar do aithin mé dhiot:

6 Má atá neach ar bith neamhlochdach, na fhior éun mhná, agá bhfuil clann ionnruic, nach féidir éiliughadh fá neamhmeasarrghachd, na easúmhal.

7 Oír as cóir easbog do bheith neamhlochdach, mar fheadhmantach Dé, gan bheith dhó ag ríoth réir a thóla féin, ná feargach, ná ró fhonnmhar a bhfíon, ná buáilteach, ná dúil do bheith aige a néudáil neamhghloin;

8 Achd na fhear tighe áoigheadh do chongmháil, grádhach air dháóinibh maithe, na dhuine aireach, chomhthrom, náómhtha, mheasarrgha;

9 Ag comgmháil na bréithre dísle go daingean do réir theaguisg, ionnus go madh féidir léis teagusg do thabhairt úadh maille ré foirceadal fallain agus an dream labhrus na aghuidh do bhréugnughadh.

10 Oír atáid iomad do dháoinibh easúmhla ann labhras go diomhaoin agus na mealltóiridh, go háirighe an luchd atá don timchillghearradh:

11 Dár ab éigean a mbéul do stopadh, dream chuireas tighthe go huilidhe fá chéile, ag teagusg neitheann nach cóir, do ghrádh eudála néamhghloine.

12 A dubhairt neach áirighe dhíobh féin, a bhfáidh díleas féin, Bréugairigh do ghnáth na Crétánuigh, droch ainmhinteadha, builg fhallsa.

13 As fíor an fháidhnuisese. Uime sin spreag íad go géur, chum a mbeith diongmhálta sa gcreideamh;

14 Agus gan aire do thabhairt do sgéuluibh fábhuill na Níuduigheadh, agus daitheantuibh dáoineadh, atá ar niompógh on bhfírinne.

15 Atáid na huile neithe go deimhin glan don druing atá glan: achd don druing atá salach agus gan chreideamh ni bhfuil éinní glan; achd fós atá a ninntinn agus a ccoinnsías salach.

16 Admhuighid síad eólas do bheith aca air Dhía; gidheadh séunuid a ngníomharthuibh é, ar mbeith dhóibh adhfhúathmhar, easúmhal, agus mearuighthe a dtáobh gach uile dhéaghoibbre.

Caibidlí

1 2 3