2 Eadhon dáoine áosda do bheith aireach, trómgha, measárgha, diongmhálta a gcréideamh, a ngrádh, agus a bhfoighid.
3 Na mná áosda mar an gcéudna, a naibíd iomchubhaidh do náomhthachd, gan bheith na luchd eílighe go héugcoir, gan íad féin do thabhairt go hiomarcach dfíon, na luchd teaguisg neitheann maith;
4 As go dtiubhradáois fo deara do na mnáibh óga bheith súaimhneach ann a ninntinn, grádhach air a bhfearuibh, agus air a gcloinn,
5 Measárrgha, geanmnuidh, comhnuigheach na dtighthibh, maith, úmhal da bhfearuibh féin, deagla bhréithre Dé do mhaslughadh.
6 Teaguisg na hóganuidh mar an gcéudna fá bheith suáimhneach na ninntinn.
7 Taisbein thú fein sna huile neithibh ad eisiompláir dheaghoibrightheadh: maille ré teagusg neamhthruáillighe, trómgha, fiórghlanadh,
8 Briathar fhalláin nách feidir a lochdughadh; ionnus go mbíadh adhnáire ar an to chuireas bhur naghuidh, ar mbeith dhó gan droch ní ar bith aige ré a radh bhur dtáobhso.