9 Teaguisg na searbhfhoghantuighidh fá bheith úmhal dá maighisdrighibh, fa na dtoil do dhéunamh sna huile neithibh; gan cur a naghuidh a mbriathar;
10 Gan éinní dha gcuid do théultógh úatha, achd a nuile choinghioll maith do tháisbéunadh dhóibh; ionnus go ndéunaidís teagusg Dé ar Slánaightheóra taitneamhach ar gach éunchor.
11 Oír do shoillsigh gras Dé go deallruigheach do bheir slánughadh ris, chum na nuile dháoineadh,
12 Ag tabhairt teagusg dhúinne, fá neamhdhíaghachd agus ainmbían a tsáogháilse do sheachna, agus fa ar mbeatha do chaitheamh dhúinn go measarrgha, agus go cómhthrom, agus godíagha, sa tsáoghalsa a láthair;
13 Ar mbeith dhúinn ag fuireach ris an muinghin bheannuighe, agus re teachd deallruigheach ghloire an Dé mhóir eadhon ar Slánaightheóra Iósa Críosd;
14 Tug é féin air ar son, chum ar bfúasgalta ó gach uile pheacadh, agus chum ar nglanta ionnus go mbeimís ar pobal geanamhuil aige féín, ag leanmhuin go dúthrachdach do dheaghoíbrighibh.
15 Labhair, agus teaguisg na neithese, agus ceartuigh maille ris a nuile úghdarrás. Ná tarcaisnigheadh éunduine thú.