3 Oír do bhamairne féin ar úairibh éigcéillidhe, easúmhal, ag dul ar seachrán, ag leanmhuin dainmíanuibh agus danntoilibh eugsámhla, ag caitheamh ar mbeatha a miosguis agus a dtnúth, fúathmhar, agus ag fúathughadh a cheilé.
4 Achd an tan do shoillsigh féile agus grádh Dé ar Slánaightheóra do dháoinibh,
5 Ní do réir na noibrightheadh bhfiréunnda do rinneamairne, achd do réir a thrócaire féin do sháor sé sinn, tré ionnladh na haithghineamhna, agus tré athnúadhughadh an Spiorad Náoimh;
6 Do dhóirt sé oruinn go saidhbhir tré Iósa Críosd ar Slanuightheoir.
7 Ionnus ar mbeith dhúinn air ar sáoradh tré na ghrásuibhsion, go ndeuntáoi oighreadha dhínn do réir mhuinighne na beatha marthannuighe.
8 As fírinneach an rádh so, agus is áill leam thú dheimhniughadh na neitheansa, ionnus go mbíadh an dream do chreid do Dhía ro dhíthchiollach a ndéaghoibrighibh do dhéunamh. As íad so na neithe théid a sóchar agus a dtarbha do dháoinibh.
9 Achd toirmisg ceasda éigcéillidhe, agus seanchuis, agus connsbóid, agus imreasana a dtimchioll an reachda; óir atáid síad gan tarbha gan éifeachd.