5 Ní do réir na noibrightheadh bhfiréunnda do rinneamairne, achd do réir a thrócaire féin do sháor sé sinn, tré ionnladh na haithghineamhna, agus tré athnúadhughadh an Spiorad Náoimh;
6 Do dhóirt sé oruinn go saidhbhir tré Iósa Críosd ar Slanuightheoir.
7 Ionnus ar mbeith dhúinn air ar sáoradh tré na ghrásuibhsion, go ndeuntáoi oighreadha dhínn do réir mhuinighne na beatha marthannuighe.
8 As fírinneach an rádh so, agus is áill leam thú dheimhniughadh na neitheansa, ionnus go mbíadh an dream do chreid do Dhía ro dhíthchiollach a ndéaghoibrighibh do dhéunamh. As íad so na neithe théid a sóchar agus a dtarbha do dháoinibh.
9 Achd toirmisg ceasda éigcéillidhe, agus seanchuis, agus connsbóid, agus imreasana a dtimchioll an reachda; óir atáid síad gan tarbha gan éifeachd.
10 An tí atá na eiriceach tair éis fógra no dhó thabhairt dó seachuin é;
11 Ar mbeíth a fheasa agad go bhfuil a shamhuil sin do neach ar ndul fá chéile, agus go bpeacuigheann sé, ar mbeith dhó damnuighthe úadh féín.