Ióna 1 ABN

Easumhlaíocht Ióna agus a Toradh

1 Labhraíodh briathar an Tiarna le Ióna, mac Aimití:

2 “Éirigh! Gread leat go dtí cathair mhór Nínivé agus fógair oracal ina haghaidh, mar tá mallaitheacht a háitritheoirí tar éis éirí aníos os mo chomhair.”

3 D'éirigh Ióna ach bhí sé meáite ar theitheadh go Tairsís ó láthair an Tiarna. Chuaigh sé síos go Iopa, mar sin, agus fuair sé long ann a bhí ar tí dul go Tairsís; d'íoc sé an táille agus chuaigh sé ar bord chun taisteal go Tairsís i gcuideachta na foirne ó láthair an Tiarna.

4 Ach scaoil an Tiarna gaoth láidir amach thar an bhfarraige agus d'éirigh stoirm chomh mór sin gur dhóbair don long titim as a chéile.

5 Tháinig scanradh a n‑anama ar an bhfoireann agus d'impigh gach duine díobh os ard ar a dhia féin cabhrú leo; agus, chun an long a éadromú dóibh féin, theilg siad amach san fharraige a raibh ar bord. Idir an dá linn, áfach, bhí Ióna tar éis dul síos i mbroinn na loinge agus bhí sé ina luí ansin agus é ina shámhchodladh.

6 Tháinig an captaen chuige agus lig sé béic air: “Hóigh! An i do chodladh atá tú! Éirigh aniar agus glaoigh ar do dhia! B'fhéidir go gcuimhneoidh an dia seo agatsa orainne agus nach gcaillfear sinn.”

7 Dúirt foireann na loinge le chéile ansin: “Téanaigí; caithimis crainn chun a fháil amach cé air a chuirfimid milleán na tubaiste seo atá tar éis teacht orainn.” Mar sin de, chaith siad crainn agus thit an crann ar Ióna.

8 Dúirt siad leis ansin: “Inis dúinn cé is ciontach leis an mí-ádh seo a theacht orainn. Cad é an fuadar atá fútsa? Cad as duit? Céard í do thír dhúchais? Cér díobh thú?”

9 “Eabhrach is ea mé,” an freagra a thug sé orthu, “agus is é an Tiarna, rí na bhflaitheas, an té a rinne an fharraige agus an talamh tirim, a adhraim.”

10 Bhuail eagla a gcraicinn an fhoireann ansin agus dúirt siad leis: “Céard é seo atá déanta agat?” Bhí a fhios acu, dar ndóigh, ón scéal a d'inis sé dóibh, go raibh sé ar a theitheadh ó láthair an Tiarna.

11 “Cad a dhéanfaimid leat,” d'fhiafraigh siad de ansin, “chun go suaimhneodh an fharraige dúinn?” Is amhlaidh a bhí an fharraige ag éirí níos stoirmiúla i gcónaí.

12 “Tógaigí suas mé,” ar seisean leo, “agus caithigí isteach san fharraige mé agus suaimhneoidh sí daoibh ansin. Óir is maith atá a fhios agam gur mise faoi deara an stoirm mhór seo a theacht oraibh.”

13 Mar sin féin lean na mairnéalaigh leo ag rámhaíocht go tréan le súil go bhféadfaidís an long a thabhairt ar ais go dtí an mhórthír ach ba shaothar in aisce acu é, mar bhí an fharraige ag éirí níos stoirmiúla fós ina n‑aghaidh.

14 Mar sin de, d'agair siad an Tiarna agus ghlaoigh siad amach os ard: “Ná cailltear sinne, a Thiarna, toisc sinn a bheith páirteach i gcinniúint an fhir seo; ná cuir inár leith gur dhúnmharaíomar duine neamhchiontach; óir, is de réir mar a thogair tú féin amháin, a Thiarna, atá na cúrsaí seo mar atá siad.”

15 Ansin thóg siad Ióna suas agus chaith siad isteach san fharraige é. Ar an toirt suaimhníodh fraoch na farraige.

16 Dá thoradh sin tháinig eagla nár bheag ar an bhfoireann roimh an Tiarna; d'ofráil siad íobairt dó agus thug móideanna.

Caibidlí

1 2 3 4