Ióna 3 ABN

Géilleadh Ióna: Aithrí na Nínivéach

1 Labhraíodh briathar an Tiarna le Ióna athuair:

2 “Éirigh! Gread leat go dtí cathair mhór Nínivé agus fógair ina haghaidh an t‑oracal a thabharfaidh mé duit.”

3 D'éirigh Ióna ach an uair seo as go brách leis go Nínivé faoi mar a d'ordaigh an Tiarna dó. Dar ndóigh, cathair as cuimse mór ba ea Nínivé; thógfadh sé trí lá ó dhuine í a thrasnú.

4 Isteach le Ióna sa chathair agus is ar éigean a bhí turas aon lae amháin siúlta aige agus an t‑oracal seo á fhógairt aige: “I gceann daichead lá eile scriosfar Nínivé,”

5 nuair a chreid muintir Nínivé i nDia. D'fhógair siad troscadh agus chuir siad go léir, idir uasal agus íseal sacéadach orthu féin.

6 Nuair a chuala rí Nínivé an scéal, d'éirigh sé ina sheasamh óna ríchathaoir, bhain a fhallaing ríoga de, chuir sacéadach air féin agus shuigh síos sa luaithreach.

7 Ansin chuir sé an forógra práinneach seo á chraoladh ar fud Nínivé: “Forógra an rí agus a mhóruaisle: Ná blaiseadh duine ná ainmhí, táin ná tréad aon ní; ná hithidís bia, ná hólaidís uisce.

8 Cuireadh idir dhaoine agus ainmhithe sacéadach orthu féin agus glaoidís os ard ar Dhia. Tréigeadh cách a ndrochiompar agus cuiridís díobh an lámh láidir.

9 Cá bhfios ná go ndéanfadh Dia athchomhairle agus go dtiocfadh aithreachas air agus go n‑imeodh an fhearg de agus nach gcaillfí sinne?”

10 Chonaic Dia cad a rinne siad agus conas mar a thréig siad a ndrochiompar. Mar sin de, tháinig aithreachas air i dtaobh na tubaiste a bhí sé tar éis a bhagairt orthu agus níor chuir sé i gcrích í.

Caibidlí

1 2 3 4