Ióna 1:3-9 ABN

3 D'éirigh Ióna ach bhí sé meáite ar theitheadh go Tairsís ó láthair an Tiarna. Chuaigh sé síos go Iopa, mar sin, agus fuair sé long ann a bhí ar tí dul go Tairsís; d'íoc sé an táille agus chuaigh sé ar bord chun taisteal go Tairsís i gcuideachta na foirne ó láthair an Tiarna.

4 Ach scaoil an Tiarna gaoth láidir amach thar an bhfarraige agus d'éirigh stoirm chomh mór sin gur dhóbair don long titim as a chéile.

5 Tháinig scanradh a n‑anama ar an bhfoireann agus d'impigh gach duine díobh os ard ar a dhia féin cabhrú leo; agus, chun an long a éadromú dóibh féin, theilg siad amach san fharraige a raibh ar bord. Idir an dá linn, áfach, bhí Ióna tar éis dul síos i mbroinn na loinge agus bhí sé ina luí ansin agus é ina shámhchodladh.

6 Tháinig an captaen chuige agus lig sé béic air: “Hóigh! An i do chodladh atá tú! Éirigh aniar agus glaoigh ar do dhia! B'fhéidir go gcuimhneoidh an dia seo agatsa orainne agus nach gcaillfear sinn.”

7 Dúirt foireann na loinge le chéile ansin: “Téanaigí; caithimis crainn chun a fháil amach cé air a chuirfimid milleán na tubaiste seo atá tar éis teacht orainn.” Mar sin de, chaith siad crainn agus thit an crann ar Ióna.

8 Dúirt siad leis ansin: “Inis dúinn cé is ciontach leis an mí-ádh seo a theacht orainn. Cad é an fuadar atá fútsa? Cad as duit? Céard í do thír dhúchais? Cér díobh thú?”

9 “Eabhrach is ea mé,” an freagra a thug sé orthu, “agus is é an Tiarna, rí na bhflaitheas, an té a rinne an fharraige agus an talamh tirim, a adhraim.”