1 Ansin shocraigh an Tiarna go ndéanfadh iasc mór Ióna a shlogadh siar ina chraos agus chaith Ióna trí lá agus trí oíche i mbolg an éisc.
2 Ghuigh Ióna as bolg an éisc chun an Tiarna, a Dhia, mar a leanas:
3 “Nuair a bhí mé i gcruachás,scread mé ar an Tiarna,agus thug sé cluas do mo ghuí;ó bhroinn an Bháis ghlaoigh mé ortagus d'éist tú le mo ghuth.
4 Theilg tú mé síos san aibhéis,i ndoimhneacht na farraige,mar ar thimpeallaigh an díle mé,agus mar a raibh do thonnta agus do shaoistí uileag madhmadh tharam.