1 Bhí Ióna an-mhíshásta leis seo agus tháinig fearg air.
2 Ghuigh sé chun an Tiarna mar a leanas: “Och ochón, a Thiarna! Nach é sin go díreach an rud a dúirt mé a tharlódh, nuair a bhí mé i mo dhúiche féin? Sin é an fáth ar theith mé faoi dheifir go Tairsís de chéaduair. Ba mhaith ab eol dom gur Dia truachroíoch agus trócaireach thú, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus gurb aithreachas duit an t‑olc.
3 Mar sin de, a Thiarna, achainím ort anois m'anam a bhreith uaim; óir, is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”
4 “An ceart duit, dáiríre, bheith chomh feargach sin?” arsa an Tiarna leis.