Ióna 4:5-11 ABN

5 D'imigh Ióna leis agus chuir sé faoi ar an taobh thoir den chathair. Thóg sé botháinín dó féin ann agus shuigh sé síos faoina scáth; d'fhan sé ansin chun go bhfeicfeadh sé cad a tharlódh sa chathair.

6 Ansin shocraigh an Tiarna Dia go bhfásfadh planda suas os cionn Ióna chun fothain a thabhairt dó i dtreo go bhfaigheadh sé faoiseamh éigin óna anró. Ábhar mór áthais do Ióna ba ea an planda seo.

7 Ach an lá dár gcionn, le breacadh an lae, shocraigh Dia go ndéanfadh péist éigin ruathar ar an bplanda agus go bhfeofadh sé.

8 Nuair a d'éirigh an ghrian, shocraigh Dia go n‑éireodh gaoth loiscneach anoir; rud eile, bhí an ghrian ag doirteadh anuas ar chloigeann Ióna sa chaoi gur tháinig laige air agus gur ghuigh sé go bhfaigheadh sé bás, á rá: “Is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”

9 Dúirt Dia leis ansin: “An ceart duit, dáiríre, bheith chomh feargach sin mar gheall ar an bplanda?” “Is ceart go deimhin,” d'fhreagair Ióna, “is ea agus chomh feargach sin le bás a fháil dá bharr.”

10 Dúirt an Tiarna: “Is trua leatsa an planda seo cé nár chuir tú aon dua ort féin leis agus nach tusa a chuir ag fás é; phéac sé aníos ó fhréamh san aon oíche amháin agus d'fheoigh sé an oíche chéanna.

11 Agus nach ceart trua a bheith agamsa do Nínivé, an chathair mhór sin, ina bhfuil breis agus céad is fiche míle duine nach eol dóibh conas rogha a dhéanamh idir an mhaith agus an t‑olc gan trácht ar na beithígh gan áireamh atá inti?”