Iúidit 10 ABN

Téann Iúidit go Campa Holofarnaes

1 Nuair a scoir Iúidit dá glao chun Dé Iosrael agus go raibh deireadh aici leis na focail sin go léir,

2 d'éirigh sí ón áit ina raibh sí ina luí, ghlaoigh ar a hionailt agus d'imigh síos chun an tí ina gcaitheadh sí na laethanta sabóide agus na féilte.

3 Bhain sí di an t‑éadach róin a bhí á chaitheamh aici agus a feisteas baintrí; nigh a corp go léir le huisce, agus d'ung í féin le cumhráin luachmhara, chíor a cuid gruaige, chuir a ceannbheart ar a ceann, agus ghléas í féin san fheisteas ba lúcháirí a bhí aici, an feisteas a chaitheadh sí nuair a bhí a céile Manaise beo.

4 Chuir sí uirthi a cuaráin, a muincí agus braisléid, a fáinní méar agus cluas, agus a hornáidí go léir; mhaisigh sí í féin le barr scéimhe le go meallfadh sí croí gach fir a leagfadh súil uirthi. (Agus bhronn an Tiarna maise bhreise uirthi, ós rud é nach ó mhacnas ach ó shuáilce a tháinig an maisiú seo go léir).

5 Thug sí seithe fíona agus buidéal ola dá hionailt; líon sí mála le heorna rósta agus le císte de thorthaí tíortha agus le harán mín; rinne sí na gréithe sin go léir a cheangal ina mbeartán agus thug dá hionailt iad le hiompar.

6 D'imíodar leo amach go geata bhaile Bhéitiúilia, agus fuaireadar Uizíá ansiúd ina sheasamh mar aon le seanóirí an bhaile, Chaibris agus Chairmis.

7 Nuair a chonaiceadar í agus í ar malairt dreach agus i malairt feistis, rinneadar ardionadh dá scéimh, agus dúradar léi:

8 “Go raibh gnaoi Dhia ár sinsear ort agus go gcomhlíona sé do phleananna chun glóir chlann Iosrael agus do mhóradh Iarúsailéim.”

9 D'umhlaigh sí do Dhia agus dúirt leo: “Ordaigí geata an bhaile a oscailt dom le go rachainn amach agus go gcuirfinn i gcrích a bhfuil ráite agaibh fúm.” D'ordaíodar do na hógfhir oscailt di mar a dúirt sí.

10 Nuair a bhí déanta amhlaidh acu, ghabh Iúidit amach agus a hionailt lena cois; d'fhair fir an bhaile í nó gur ghabh sí an cnoc síos agus go ndeachaigh sí trasna an ghleanna agus gur imigh sí as a radharc.

11 Ag gabháil tríd an ngleann dóibh faoi dheifir, bhuail patról Asaíreach léi,

12 agus ghabh siad Iúidit agus d'fhiafraigh di: “Cér díobh thú? Cá has a bhfuil tú ag teacht? agus cá bhfuil tú ag dul?” D'fhreagair sí: “Duine d'iníonacha na nEabhrach mé, agus táim ag teitheadh uathu, mar go bhfuil siad ar tí titim in bhur gcraos le halpadh.

13 Táim ag dul i láthair Holofarnaes, ceannaire bhur n‑airm, chun tuairisc fhírinneach a thabhairt dó; agus taispeánfaidh mé conair dó trínar féidir leis dul agus na hardáin go léir a ghabháil gan fear leis a ghabháil ná a chailliúint.”

14 D'éist na fir leis na focail sin uaithi agus iad ag stánadh ar a haghaidh, mar dhealraigh sí álainn thar na bearta dóibh; agus dúirt siad léi:

15 “Rug tú do bheo leat nuair a bhrostaigh tú anuas i láthair ár dtiarna; téigh gan mhoill chun a bhotha; déanfaidh cuid againn thú a thionlacan agus a thabhairt ar láimh dó.

16 Agus ag seasamh duit os a chomhair, ná bíodh eagla chroí ort, ach inis dó díreach mar atá ráite agat, agus cuirfidh sé cóir mhaith ort.”

17 Thogh siad céad fear as a líon le hí féin agus a hionailt a thionlacan, agus thug siad iad go puball Holofarnaes.

18 Bhí an-scleondar sa longfort mar leath sé ó bhoth go both go raibh sí tagtha; agus tháinig slua ina timpeall agus í ag feitheamh lasmuigh de bhoth Holofarnaes, fad bhíothas á insint dó ina taobh.

19 Rinneadar ardionadh dá háille, agus ionadh de chlann Iosrael dá barr; agus dúirt gach duine lena chomharsa: “Cé a d'fhéadfadh drochmheas a bheith aige ar phobal mar seo, a bhfuil mná mar seo ina measc? Ambasa gur fearr gan fear díobh a fhágáil beo, mar má scaoilimid leo beidh ar a gcumas an saol go léir a mhealladh.”

20 Ansin tháinig Holofarnaes agus a chompánaigh agus a ghiollaí amach agus thug isteach sa bhoth í.

21 Bhí Holofarnaes ag ligean a scíth ar a leaba faoi cheannbhrat fite de chorcra agus d'ór agus de smaragaid agus de chlocha lómhara.

22 Nuair a d'insíodar a scéala dó tháinig sé ar aghaidh go béal na botha agus lampaí airgid á n‑iompar roimhe.

23 Nuair a tháinig Iúidit ina láthair agus i láthair a ghiollaí, rinne siad go léir ionadh de scéimh a ceannaithe; chrom sise síos go talamh in ómós dó, agus rinne a dhaoráin í a chur ina seasamh.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16