Iúidit 11 ABN

Buaileann Iúidit Leis

1 Ansin dúirt Holofarnaes léi: “Bíodh misneach agat a bhean agus ná bíodh eagla chroí ort, mar ní dhearna mé dochar riamh d'aon duine a chuir roimhe géilleadh do Nabúcadnazar, rí an domhain go léir.

2 Agus anois féin mura mbeadh gur mhaslaigh do mhuintir, a bhfuil cónaí orthu sna hardáin, mé ní thógfainn an tsleá ina n‑aghaidh; ach iad féin a thug é seo go léir sa mhullach orthu féin.

3 Inis domsa anois, más ea, cén fáth ar theith tú uathu agus ar tháinig tú chugainne, óir tá tú ar láimh shábháilte.

4 Bíodh misneach agat; cuirfidh tú an oíche dhíot slán sábháilte, agus beidh tú amhlaidh as seo amach. Ní chuirfidh aon duine isteach ort, ní dhéanfaidh sin, ach caithfidh cách go maith leat mar a dhéanann siad le searbhóntaí mo thiarna Nabúcadnazar rí.”

5 D'fhreagair Iúidit: “Tabhair cluas do bhriathra do dhaoirsí, agus labhróidh d'ionailt i do láthair; ní inseoidh mé aon éitheach do mo thiarna anocht.

6 Má dhéanann tú de réir mar a deir d'ionailt, tabharfaidh Dia do shaothar chun dea-chríche; agus rithfidh le mo thiarna a chuspóirí a chur i gcrích.

7 Fad saoil do Nabúcadnazar, rí an domhain uile, an té a sheol thú le gach duine beo a threorú; go maire a fhlaitheas. Ní hiad an cine daonna amháin a dhéanann seirbhís dó tríotsa, ach ainmhithe an mhachaire, an t‑eallach agus na héin - mairfidh siad faoi scáth Nabúcadnazar agus a theaghlaigh go léir trí do chumhachtsa.

8 Óir chualamar trácht ar d'eagna agus ar d'éirim, agus tá sé i mbéal an uile dhuine nach bhfuil do leithéid le fáil san impireacht ar fad le cumas agus le taithí agus le barr clisteachta ag fearadh cogaidh.

9 Chualamar freisin na nithe úd a dúirt Aichíór in bhur gcomhairle; rinne muintir Bhéitiúilia anacal anama air agus d'inis sé dóibh gach a ndúirt sé leatsa.

10 Anois más ea, a thiarna agus a mháistir, ná déan faillí ina ndúirt sé, ach taiscigh i do chroí é, mar is fíor é; ní féidir ár gcine a phionósú, ná níl cumhacht ag an gclaíomh ina n‑aghaidh, mura bpeacaíonn siad in aghaidh a nDé.

11 Ach anois, i dtreo nár bhaol do mo thiarna go mbrisfí air agus go dteipfeadh air, tá an bás i ndán dóibh, óir tá peaca tagtha sa mhullach orthu, peaca trína gcuirfidh siad fearg ar a nDia, gach uair a dhéanfaidh siad é.

12 Tá easpa bia orthu agus tá a gcuid uisce go léir imithe i ndísc, agus bheartaigh siad a n‑eallach a mharú, agus chinn siad feidhm a bhaint as na nithe úd go léir a choisc Dia orthu lena dhlíthe a ithe.

13 Ní hé amháin go bhfuil sé socair acu céadtorthaí an arbhair agus deachúna an fhíona agus na hola a chaitheamh, cé go bhfuil siadsan coisricthe agus tíolactha do na sagairt a dhéanann freastal i láthair ár nDé in Iarúsailéim, agus ní cheadmhach don phobal fiú baint leis na nithe sin lena lámha.

14 Sheol siad teachtairí go Iarúsailéim - tá an rud céanna ar siúl ag an muintir ansiúd - le cead a thabhairt ar ais chucu ón seanad.

15 Mar seo a bheidh: nuair a gheobhaidh siad scéala agus go ndéanfaidh siad dá réir, an lá ceannann céanna sin, tabharfar suas duitse iad le scrios.

16 Nuair a fuair mise, do dhaoirseach, an méid sin go léir amach, theith mé uathu. Agus chuir Dia mé le nithe a bhainfidh creathadh as an domhan go léir, de réir mar a chloisfidh siad fúthu, a chur i gcrích i do theannta.

17 Bean dheabhóideach is ea do dhaoirseach, agus déanann sí freastal ar Dhia na bhFlaitheas de lá agus oíche. Fanfaidh mé farat dá bhrí sin, a thiarna; rachaidh do dhaoirseach amach faoin ngleann gach oíche agus guífidh mé chun Dé agus déarfaidh sé liom cathain a bheidh peaca déanta acu.

18 Ansin tiocfaidh mé agus inseoidh mé duit é agus gluaisfidh tú amach le do shlua go léir agus ní sheasóidh aon duine díobh an fód i d'aghaidh.

19 Ansin déanfaidh mé thú a threorú trí cheartlár Iúdáia nó go sroichfidh tú Iarúsailéim; agus cuirfidh mé do ríchathaoir ansiúd ina lár; agus déanfaidh tú iad a threorú mar dhéanfa caoirigh gan aoire; agus ní leomhfaidh fiú madra sceamh a thabhairt i d'aghaidh. Fuaireas an méid sin amach trí réamheolas; fógraíodh domsa é agus seoladh mé le hé a insint duit.”

20 Thaitin a cuid cainte le Holofarnaes agus lena ghiollaí go léir, agus rinne siad ionadh dá heagna á rá:

21 “Níl a leithéid de bhean ó cheann ceann na cruinne, ar áille snó ná ar eagna briathar!”

22 Dúirt Holofarnaes léi: “Is maith a rinne Dia é, tú a chur ar aghaidh roimh do phobal lenár lámha a neartú agus le scrios a thabhairt orthu siúd a thug masla do mo thiarna.”

23 “Ní amháin go bhfuil tú sciamhach snó, ach eagnaí briathar freisin; má dhéanann tú mar atá ráite agat, beidh do Dhia mar Dhia agamsa, agus cuirfidh tú fút i bpálás Nabúcadnazar rí, agus beidh cáil ort ar fud na cruinne go léir.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16