Iúidit 11:5-11 ABN

5 D'fhreagair Iúidit: “Tabhair cluas do bhriathra do dhaoirsí, agus labhróidh d'ionailt i do láthair; ní inseoidh mé aon éitheach do mo thiarna anocht.

6 Má dhéanann tú de réir mar a deir d'ionailt, tabharfaidh Dia do shaothar chun dea-chríche; agus rithfidh le mo thiarna a chuspóirí a chur i gcrích.

7 Fad saoil do Nabúcadnazar, rí an domhain uile, an té a sheol thú le gach duine beo a threorú; go maire a fhlaitheas. Ní hiad an cine daonna amháin a dhéanann seirbhís dó tríotsa, ach ainmhithe an mhachaire, an t‑eallach agus na héin - mairfidh siad faoi scáth Nabúcadnazar agus a theaghlaigh go léir trí do chumhachtsa.

8 Óir chualamar trácht ar d'eagna agus ar d'éirim, agus tá sé i mbéal an uile dhuine nach bhfuil do leithéid le fáil san impireacht ar fad le cumas agus le taithí agus le barr clisteachta ag fearadh cogaidh.

9 Chualamar freisin na nithe úd a dúirt Aichíór in bhur gcomhairle; rinne muintir Bhéitiúilia anacal anama air agus d'inis sé dóibh gach a ndúirt sé leatsa.

10 Anois más ea, a thiarna agus a mháistir, ná déan faillí ina ndúirt sé, ach taiscigh i do chroí é, mar is fíor é; ní féidir ár gcine a phionósú, ná níl cumhacht ag an gclaíomh ina n‑aghaidh, mura bpeacaíonn siad in aghaidh a nDé.

11 Ach anois, i dtreo nár bhaol do mo thiarna go mbrisfí air agus go dteipfeadh air, tá an bás i ndán dóibh, óir tá peaca tagtha sa mhullach orthu, peaca trína gcuirfidh siad fearg ar a nDia, gach uair a dhéanfaidh siad é.