1 Ansin thug sé faoi deara í a bhreith isteach mar a raibh a ghréithe airgid féin leagtha, agus d'ordaigh dóibh cóir a chur uirthi óna bhia féin, agus óna chuid fíona féin.
2 Ach dúirt Iúidit: “Ní íosfainn é seo le heagla go mba choir dom é; is leor liom na nithe a thug mé liom.”
3 Dúirt Holofarnaes: “Má ídítear do lón, cá bhféadfaimid a thuilleadh mar é a fháil le tabhairt duit? Níl aon duine de do chine anseo farainn.”
4 D'fhreagair Iúidit: “Dar m'anam agus dar mo shláinte, a thiarna liom, ní bheidh a bhfuil de lón agam caite ag do dhaoirseach, nó go mbeidh a chuspóir curtha i gcrích ag an Tiarna trí mo láimhse.”
5 Ansin thug giollaí Holofarnaes isteach sa bhoth í agus chodail sí go meán oíche. I dtreo faire na maidine d'éirigh sí,