16 Ansin tháinig Iúidit isteach agus luigh síos. Chuir sí draíocht ar chroí Holofarnaes agus suaitheadh ó bhonn é, agus tháinig fonn tréan air luí léi; ón gcéad lá a leag sé súil uirthi, bhí sé ag faire na faille chun cluain a chur uirthi.
17 “Caith siar é,” arsa Holofarnaes léi, “agus bíodh scléip agat farainn!”
18 Dúirt Iúidit leis: “Déanfaidh mé agus fáilte, a thiarna,” ar sise, “mar sháraigh an saol atá agam inniu ar aon lá ó rugadh mé.”
19 Ansin thóg sí a raibh ullamh ag a hionailt di agus chaith sí bia agus deoch ina láthair.
20 Chuir sí áthas croí ar Holofarnaes, agus d'ól sé a lán fíona, i bhfad níos mó ná mar a d'ól sé aon lá riamh ó rugadh é.