3 Dúirt Holofarnaes: “Má ídítear do lón, cá bhféadfaimid a thuilleadh mar é a fháil le tabhairt duit? Níl aon duine de do chine anseo farainn.”
4 D'fhreagair Iúidit: “Dar m'anam agus dar mo shláinte, a thiarna liom, ní bheidh a bhfuil de lón agam caite ag do dhaoirseach, nó go mbeidh a chuspóir curtha i gcrích ag an Tiarna trí mo láimhse.”
5 Ansin thug giollaí Holofarnaes isteach sa bhoth í agus chodail sí go meán oíche. I dtreo faire na maidine d'éirigh sí,
6 agus chuir sí teachtaire go Holofarnaes á rá: “Ordaíodh mo thiarna anois cead a thabhairt dá dhaoirseach dul amach agus guí.”
7 Agus thug Holofarnaes ordú dá bhuíon chosanta gan cosc a chur léi. D'fhan sí sa longfort trí lá agus théadh sí amach gach oíche go Gleann Bhéitiúilia, agus dhéanadh í féin a ní sa tobar (sa champa).
8 Ag teacht aníos di, ghuíodh sí chun Tiarna Dia Iosrael lena stiúradh ar an mbealach lena pobal a fhuascailt.
9 D'fhilleadh sí arna híonghlanadh agus d'fhanadh sí sa bhoth nó go gcaitheadh sí a cuid i dtreo an tráthnóna.