7 Agus thug Holofarnaes ordú dá bhuíon chosanta gan cosc a chur léi. D'fhan sí sa longfort trí lá agus théadh sí amach gach oíche go Gleann Bhéitiúilia, agus dhéanadh í féin a ní sa tobar (sa champa).
8 Ag teacht aníos di, ghuíodh sí chun Tiarna Dia Iosrael lena stiúradh ar an mbealach lena pobal a fhuascailt.
9 D'fhilleadh sí arna híonghlanadh agus d'fhanadh sí sa bhoth nó go gcaitheadh sí a cuid i dtreo an tráthnóna.
10 Ar an gceathrú lá bhí fleá ag Holofarnaes dá ghiollaí féin amháin, gan aon chuireadh a thabhairt d'aon duine dá fheidhmeannaigh.
11 Dúirt sé le Bagóas, an coillteán a bhí i bhfeighil a ghnóthaí pearsanta go léir: “Imigh anois agus áitigh ar an Eabhraíoch atá faoi do chúram teacht agus bia agus deoch a chaitheamh farainn.
12 Ba náire agus ba aithis é dá ligfimis do bhean dá leithéid imeacht gan caidreamh a bheith againn léi; mura meallfaimid í, déanfaidh sí fonóid fúinn.”
13 Ghabh Bagóas amach dá bhrí sin ó láthair Holofarnaes agus chuaigh ag triall ar Iúidit agus dúirt: “Ar mhiste leis an ionailt sciamhach seo teacht chun mo thiarna agus onóir a fháil ina láthair, agus fíon a ól agus scléip a bheith aici inár gcuideachta, agus í féin a iompar inniu mar bhean choimhdeachta de chuid na nAsaíreach i bpálás Nabúcadnazar.”