17 Bhí ardionadh ar an bpobal ar fad, agus chrom siad go talamh in ómós do Dhia agus dúirt siad d'aonghuth: “Moladh leat, a Dhia linn, óir chuir tú náire ar naimhde do phobail inniu.”
18 Agus dúirt Uizíá le [Iúidit]: “Is beannaithe thú ag Dia, an té is airde, thar mná an domhain go léir; moladh leis an Tiarna Dia, a chruthaigh neamh agus talamh, agus a threoraigh thú lena cheann a theascadh de cheannaire ár naimhde.
19 Ní rachaidh cuimhne ar an muinín a nocht tú ar ceal ó chroíthe daoine go brách fad a bheidh cuimhne acu ar neart Dé.
20 Go ndeonaí Dia é seo a bheith mar onóir bhuan agat agus go seola sé beannachtaí i do bhóthar; óir ní dhearna tú d'anam féin a choigilt nuair a bhí ár gcine sa díog, ach chosain tú sinn ar an tubaiste agus ghabh tú an cosán díreach i láthair ár nDe.” Agus d'fhreagair an pobal ar fad: “Amen! Amen!”