3 Dúirt Iúidit lena hionailt fanacht lasmuigh den seomra leapa agus feitheamh nó go dtiocfadh sí amach mar a rinne gach lá; mar a dúirt sí go mbeadh sí ag dul amach le guí a dhéanamh. Bhí an rud céanna ráite aici le Bagóas.
4 D'imigh gach duine amach dá bhrí sin, agus níor fágadh aon duine, beag ná mór, sa seomra leapa. Bhí Iúidit ina seasamh ansiúd cois na leapa agus dúirt sí léi féin ina croí: “A Thiarna, a Dhia uilechumhachtaigh, féach ag an am seo ar bhearta mo lámh chun glóire Iarúsailéim.
5 Anois an uain le teacht i gcabhair ar d'oidhreacht, agus mo sheift a chur i gcrích leis na naimhde atá éirithe amach inár gcoinne a scriosadh.”
6 Ansin chuaigh suas go cearchaill na leapa os cionn cheann Holofarnaes agus thóg anuas a chlaíomh a bhí ar crochadh ansiúd.
7 Dhruid sí lena leaba agus rug ar mhothall a chinn air agus dúirt: “Treisigh liom inniu, a Thiarna, Dia Iosrael.”
8 Bhuail sí faoi dhó i mbaic an mhuiníl é le lán a nirt, agus theasc sí an ceann dá cholainn.
9 Ansin tharraing sé a chorp den leaba agus strac anuas an ceannbhrat dá chuaillí; d'imigh sí amach ansin tar éis tamaill bhig agus thug ceann Holofarnaes dá hionailt,