12 Nuair a chonaic na hAsaírigh iad, chuir siad scéala chun a gceannasaithe, a gceannairí míle, agus a lucht ceannais go léir.
13 Tháinig siad go both Holofarnaes agus dúirt leis an té a bhí bhfeighil a chúraimí go léir: “Dúisigh ár dtiarna; bhí sé de dhánaíocht sna daoir úd teacht anuas chun catha inár gcoinne le go scriosfaí ó thalamh iad!”
14 Chuaigh Bagóas isteach agus bhuail ar dhoras na botha agus é á mheas go raibh Holofarnaes ina chodladh le Iúidit.
15 Ach nuair nár tugadh aon aird air, tharraing sé siar an cuirtín, chuaigh isteach sa seomra leapa agus fuair ansiúd marbh é caite ar an tairseach agus an ceann de agus é sciobtha ar shiúl.
16 Bhéic sé in ard a chinn, agus ghoil, agus chaoin, agus liúigh, agus stróic a chuid éadaigh.
17 Chuaigh sé isteach ansin sa bhoth ina raibh Iúidit ag cur fúithi, agus nuair nach bhfuair sé í rith sé amach chun an tslua ag béiceach:
18 “Chuir na daoir an dallamullóg orainn! Tá táir agus tarcaisne tugtha ag aon Eabhrach mná amháin ar theaghlach an rí Nabúcadnazar. Mar féach, siúd é Holofarnaes faon marbh, agus an ceann de!”