Iúidit 14:2-8 ABN

2 Le breacadh an lae agus le héirí gréine, tógadh gach duine suas a chuid airm agus gluaiseadh gach fear infheidhme amach as an mbaile; ceapaigí ceann feadhna i gceannas orthu amhail is go mbeadh sibh ar bhur mbealach síos go dtí an machaire in aghaidh urphost na nAsaíreach - ach na déanaigí amhlaidh.

3 Béarfaidh siadsan greim ar a dtrealamh catha, agus imeoidh leo chun an longfoirt, agus glaofaidh siad ar cheannairí arm na hAsaíre; ansin rithfidh siadsan go both Holofarnaes, ach ní bhfaighidh siad ann é. Tiocfaidh scéin orthu ansin, agus teithfidh siad as bhur radharc.

4 Rachaidh sibhse agus an mhuintir go léir ar a bhfuil cónaí i gcríocha Iosrael sa tóir orthu agus leagfaidh sibh ar lár iad agus iad ag teitheadh leo.

5 Ach sula ndéanann sibh na nithe sin go léir, tugaigí Aichíór an tAmónach anseo chugam, agus feiceadh sé agus aithníodh sé an té úd ar bheag leis teaghlach Iosrael agus a sheol chugainn é amhail is dá mba chun a bháis.”

6 Chuir siad fios ar Aichíór dá bhrí sin ó theach Uizíá agus nuair a tháinig sé agus go bhfaca sé ceann Holofarnaes ina láimh ag duine i gcomhthionól an phobail, thit sé ar a bhéal agus ar a fhiacla i bhfantais.

7 Nuair a d'ardaíodar é, chaith sé é féin ag cosa Iúidit, agus chuaigh ar a ghlúine os a comhair á rá: “Go raibh tú beannaithe i ngach both de chuid Iúdá agus i ngach náisiún; an mhuintir a chloisfidh d'ainm, tiocfaidh scanradh orthu.

8 Agus anois, más ea, inis dom céard a rinne tú le roinnt laethanta anuas.” Ansiúd i lár an phobail d'inis Iúidit dó gach rud a rinne sí ón lá a d'fhág sí go dtí an uair a raibh sí ag caint leo.