1 Nuair a chuala an mhuintir a bhí ina mbothanna fós an scéal, chuir sé alltacht orthu.
2 Tháinig scéin agus eagla a gcroí orthu i dtreo gur theith gach fear fiú óna chomharsa agus gur bhrúchtadar go léir amach de ruathar ar gach bealach trasna an mhachaire agus faoin sliabh suas.
3 An dream a bhí i gcampaí timpeall ar Bhéitiúilia, theith siad leo chomh maith. Ansin rinne clann Iosrael, gach saighdiúir ina measc, ruathar fúthu.
4 Chuir Uizíá teachtairí go Béiteomastaím, go Baebaí, go Chóbaí, go Chólá agus ar fud ardáin Iosrael á fhógairt céard a tharla agus ag spreagadh cách chun fogha a thabhairt faoi na naimhde agus iad a scriosadh.
5 A luaithe a fuair clann Iosrael an scéala thugadar fogha fúthu le chéile agus bhíodar á dtreascairt ar feadh na slí go léir go Chóbaí. Tháinig muintir Iarúsailéim agus na n‑ardán go léir freisin le bheith páirteach leo mar insíodh dóibh cad a thit amach i longfort a naimhde. Ansin thug an mhuintir i nGileád agus sa Ghailíl fúthu ón gcliathán agus rinne iad a phleancadh go dian nó gur shroicheadar an Damaisc agus a críocha.