11 Bhí an longfort á chreachadh ag an bpobal go léir ar feadh deich lá fichead. Thug siad both Holofarnaes, a ghréithe airgid go léir, a tholga, a mhiasa, agus a throscán do Iúidit. Thóg sí léi iad; chuir ualach díobh ar a miúil, ghabh a trucailí agus chruach an airnéis in airde orthu.
12 Ansin bhrostaigh mná Iosrael go léir le chéile le hí a fheiceáil, agus mhol í, agus chóirigh iad féin ina bhfoirne rince ina honóir; fuair sí craobha agus dháil sí ar a lucht coimhdeachta iad;
13 ansin chuir sí féin agus a bantracht fleasca olóige orthu féin. Chuaigh sí ar thosach na buíne go léir, ag cur ceann ar rince na mban go léir.
14 Lean fir Iosrael go léir iad faoi airm agus faoi bhláthfhleasca, agus iomainn á gcanadh acu.