Iúidit 15:3-9 ABN

3 An dream a bhí i gcampaí timpeall ar Bhéitiúilia, theith siad leo chomh maith. Ansin rinne clann Iosrael, gach saighdiúir ina measc, ruathar fúthu.

4 Chuir Uizíá teachtairí go Béiteomastaím, go Baebaí, go Chóbaí, go Chólá agus ar fud ardáin Iosrael á fhógairt céard a tharla agus ag spreagadh cách chun fogha a thabhairt faoi na naimhde agus iad a scriosadh.

5 A luaithe a fuair clann Iosrael an scéala thugadar fogha fúthu le chéile agus bhíodar á dtreascairt ar feadh na slí go léir go Chóbaí. Tháinig muintir Iarúsailéim agus na n‑ardán go léir freisin le bheith páirteach leo mar insíodh dóibh cad a thit amach i longfort a naimhde. Ansin thug an mhuintir i nGileád agus sa Ghailíl fúthu ón gcliathán agus rinne iad a phleancadh go dian nó gur shroicheadar an Damaisc agus a críocha.

6 An chuid eile de mhuintir Bhéitiúilia, thug siad fogha faoi longfort na hAsaíre, chreach é, agus fuair a lán éadála.

7 Nuair a d'fhill clann Iosrael ón eirleach, ghabhadar a raibh fágtha; fuair na bailte agus na sráidbhailte ar na hardáin agus sna hísleáin a lán creiche chomh maith, mar bhí sí ann go flúirseach agus go raidhsiúil.

8 Ansin tháinig Ióacaím an t‑ardsagart agus seanad chlann Iosrael a bhí ag cur fúthu in Iarúsailéim le lán na súl a fháil de na nithe fónta a rinne an Tiarna do Iosrael agus le Iúidit a fheiceáil agus gairdeas a dhéanamh léi.

9 Nuair a tháinig siad chun a tí, cheiliúir siad go léir di d'aonghuth, agus dúirt:“Is tú glóir Iarúsailéim:Is tú ábhar mórmhaíte Iosrael!Is tú barr onóra ár gcine!