1 Ansin, agus Iosrael go léir ina timpeall, chuir Iúidit ceann ar an laoi mholta seo, agus chan an pobal go léir an t‑iomann seo in ard a gcinn
2 Dúirt Iúidit:Crochaigí suas do Dhia é ar na tiompáin!Ceolaigí don Tiarna leis na ciombail!Déanaigí comhcheadal sailm agus caintice dó!Déanaigí a ainm a mhóradh agus a ghairm.
3 Óir is Dia a bhascann cogaí é an Tiarna,Mar shuigh sé a longfort i measc a phobail.Agus d'fhuascail mé ó lámha mo naimhde.
4 Tháinig an tAsaíreach aduaidh ó na sléibhte;Tháinig sé leis na mílte ar mhílte dá shluaite;Rinne a mhathshlua coisithe na gleannta a thachtadh,Agus bhí a mharcshlua mar bhrat ar na sléibhte.