15 Go bhfóna do chruthaíocht go léir duit,Óir labhair tú agus rinneadh iad.Sheol tú do spiorad uait agus chum sé iad.Níl aon duine ann a d'fhéadfadh cur i gcoinne do ghlóire.
16 Creathfar na sléibhte óna mbonnIna meascán leis na huiscí.Leáfaidh na carraigeacha romhatFaoi mar a dhéanfadh an chéir.Ach beidh tú trócaireach i gcónaíLeis an muintir ar a bhfuil eagla romhat.
17 Is suarach é gach íobairt mar ofráil chumhra.Agus sé is lú ar fad ná an tsaill d'íobairt loiscthe.An té ar a bhfuil eagla ar an Tiarna, beidh tathag ann go brách.
18 Is mairg do na náisiúin a éiríonn in aghaidh mo chine!Déanfaidh mo Thiarna uilechumhachtachdíoltas a imirt orthu lá na breithe;Seolfaidh sé tine agus cruimheanna ina bhfeoilAgus goilfidh siad le pian go deo.
19 Nuair a shroicheadar Iarúsailéim d'adhradar Dia, agus a luaithe a bhí an pobal íonghlanta rinneadar a n‑íobairtí loiscthe agus a n‑íobairtí deonacha agus a mbronntanais a ofráil.
20 Rinne Iúidit gréithe uile Holofarnaes, a thug an pobal di, agus an ceannbhrat a thug sí féin léi ón seomra leapa, a thíolacadh do Dhia mar ofráil mhóide.
21 Bhí an pobal ag ceiliúradh in Iarúsailéim os comhair an Teampaill ar feadh trí mhí agus d'fhan Iúidit ina dteannta.