7 Óir ní le lámh na n‑ógánach a thit a gcumasach,Ná ní hiad clann na dTíotan a leag ar lár é,Ná ní hiad na fathaigh uallacha a rinne an fogha;Ach is í Iúidit, iníon Mharáraí,A scrios é le scéimh a ceannaithe.
8 Mar bhain sí di a feisteas baintrí,D'fhonn misneach a thabhairt do lucht an drochmhisnigh in Iosrael.Rinne sí a haghaidh a ungadh le hola,
9 Agus a folt a chóiriú faoi cheannbheart,Agus chuir brat lín uimpi lena bhréagadh.
10 Rinne a cuarán a shúil a mhealladh,Agus chuir a háille cluain ar a aigne,Agus ghabh an claíomh trína mhuineál!
11 Chuir a misneach scéin ar na Peirsigh,Agus a dánaíocht scanradh ar na Méidigh.
12 Tháinig [critheagla] orthu nuair a liúigh mo phobal tláth.Tháinig ballchrith orthu nuair a liúigh siad níos airde,Agus theith siad nuair a chuir siad an liú is airde astu.
13 Chuir clann mhac na gcailíní an tsleá tríothu,Agus ghoin iad mar dhéanaidís leanaí na dteifeach.Cailleadh iad os comhair arm eagraithe mo Thiarna.