10 Seo leat mar sin: gabh tiarnas ar an réigiún sin go léir i mo chomhair. Géillfidh siad duit agus coinneoidh tú smacht orthu go dtiocfaidh an lá chun díoltas a imirt orthu.
11 Aon duine nach ngéilleann duit, ná bíodh léas trócaire i do shúil dó; ná bíodh le fáil aige sa cheantar sin ach slad agus eirleach.
12 Tá deireadh ráite agam. Sin mar a dhéanfaidh mé, nó ní fear beo ná rí láidir mise.
13 Déansa a bhfuil ordaithe agam, gach pioc de, mar is mise do thiarna. Gach pioc riamh, a deirim, agus déan gan mhoill é.”
14 Amach le Holofarnaes as láthair a thiarna, agus ghlaoigh sé chuige a raibh de thaoisigh agus de cheannairí agus d'oifigigh in arm na nAsaíreach,
15 agus cheap sé na saighdiúirí ab fhearr, de réir mar a d'ordaigh a thiarna - céad agus a fiche míle acu agus dhá mhíle déag marcach agus bogha ag gach fear acu.
16 Agus chuir sé eagar orthu mar a chuirtear ar arm chun catha.