27 Síos leis ansin ar mhachaire na Damaisce an t‑am a raibh an chruithneacht á baint ann. Níor fhág sé gort gan a dhó, ná tréad caorach nó bó gan a chreachadh, ná cathair gan a scriosadh, ná fearann gan milleadh, ná fear óg gan bás an chlaímh a imirt air.