2 “Is le Nabúcadnazar, an t‑ardrí, sinne,” a dúradar. “Sleachtaimid duit. Déan linn mar is toil leat.
3 Tá a bhfuil againn os do chomhair - tithe, feirmeacha agus goirt arbhair agus tréada caorach agus bó agus banracha lena mbothanna - déan leo mar is toil leat.
4 Féach, ár mbailte leis agus a gcónaíonn iontu. Seirbhísigh leat iad uile; tar agus déan leo mar is toil leat.”
5 Sin é an port a bhí ag na taidhleoirí nuair a thángadar os comhair Holofarnaes.
6 Ghluais sé roimis go dtí cósta na farraige, é féin agus a arm, agus ní raibh baile cnoic sa tír nár chuir sé garastún ann agus nár thóg sé as togha na bhfear chun troda ina arm féin.
7 Muintir na mbailte sin agus muintir na tuaithe mórthimpeall, thagaidís ag failtiú roimhe mar dhea, agus fleasca bláth orthu agus iad ag bualadh bodhrán agus ag rince.
8 Níor fhág sé scrín ar na cnoic nár leag sé go talamh, ná coill dhraíochta nár ghearr sé anuas, mar b'shin mar a ordaíodh dó - déithe na tíre uile a dhíothú, i dtreo gurbh é Nabúcadnazar amháin a bheadh á adhradh ag na ciníocha go léir, agus gach treibh acu ag guí chuige, mar Dhia, ina dteanga féin.