1 Ar ndóigh chuala muintir Iosrael a bhí ina gcónaí i Iúdáia na rudaí seo go léir - a raibh déanta do na ciníocha ag Holofarnaes, ardcheannasaí airm Nabúcadnazar, rí na nAsaíreach, go háirithe, conas mar a réab agus a dhíothaigh sé teampaill a ndéithe orthu.
2 Bhíodar scéinte ina mbeatha roimhe, agus an baol do Iarúsailéim agus do Theampall an Tiarna, Dia, a chuir barr buartha orthu.
3 Ní rabhadar ach tagtha ar ais óna mbraighdeanas agus níorbh fhada ó chruinnigh pobal Iúdáia le chéile agus ó coisriceadh arís an altóir agus a trealamh agus an Teampall féin a truaillíodh fadó.
4 Chuireadar glaoch cogaidh amach ar fud na tíre, go dtí an tSamáir agus Cóna agus Béit Horón agus Beilmein agus Ireachó agus Cóba agus Aesóra agus Gleann Shailéim.
5 Cuireadh fir armtha ag gardáil barr na gcnoc, daingníodh na bailte beaga sléibhe, agus cuireadh bia i dtaisce le haghaidh cogaidh; bhí an t‑ádh leo nach raibh an fómhar ach bainte acu.