2 Bhíodar scéinte ina mbeatha roimhe, agus an baol do Iarúsailéim agus do Theampall an Tiarna, Dia, a chuir barr buartha orthu.
3 Ní rabhadar ach tagtha ar ais óna mbraighdeanas agus níorbh fhada ó chruinnigh pobal Iúdáia le chéile agus ó coisriceadh arís an altóir agus a trealamh agus an Teampall féin a truaillíodh fadó.
4 Chuireadar glaoch cogaidh amach ar fud na tíre, go dtí an tSamáir agus Cóna agus Béit Horón agus Beilmein agus Ireachó agus Cóba agus Aesóra agus Gleann Shailéim.
5 Cuireadh fir armtha ag gardáil barr na gcnoc, daingníodh na bailte beaga sléibhe, agus cuireadh bia i dtaisce le haghaidh cogaidh; bhí an t‑ádh leo nach raibh an fómhar ach bainte acu.
6 Agus scríobh Ióacaím, an t‑ardsagart a bhí in Iarúsailéim an t‑am sin, chun muintir Bhéitiúilia agus Bhéiteomastaím, dhá bhaile atá ar imeall mhachaire Easdraelón, díreach trasna ó Dhótán.
7 Dúirt sé leo saighdiúirí a chur ag gardáil na gconairí sléibhe, mar gur tríothu aníos a d'fhéadfaí teacht ar Iúdáia. Ón uair nach raibh slí sna conairí céanna ach do bheirt le chéile, níor dheacair aon namhaid a choimeád amach.
8 Sin mar d'ordaigh Ióacaím an t‑ardsagart agus seanad Iosrael uile a bhí cruinnithe in Iarúsailéim, agus sin mar a rinneadh.