7 Dúirt sé leo saighdiúirí a chur ag gardáil na gconairí sléibhe, mar gur tríothu aníos a d'fhéadfaí teacht ar Iúdáia. Ón uair nach raibh slí sna conairí céanna ach do bheirt le chéile, níor dheacair aon namhaid a choimeád amach.
8 Sin mar d'ordaigh Ióacaím an t‑ardsagart agus seanad Iosrael uile a bhí cruinnithe in Iarúsailéim, agus sin mar a rinneadh.
9 Agus chuaigh impí dhílis suas chun Dé ó chroí gach fir in Iosrael. D'umhlaíodar iad féin síos roimhe le lánchroí
10 agus chuireadar sacéadach timpeall orthu, iad féin, agus a mbantracht, agus a gclann, agus a lucht oibre, agus sclábhaithe nár d'Iosrael in aon chor iad, agus fiú a gcuid ainmhithe.
11 Agus a raibh d'Iosrael in Iarúsailéim féin, fear agus bean agus leanbh acu, chaitheadar iad féin ar an talamh os comhair an Teampaill, agus chuireadar luaithreach ar a gceann, agus shíneadar amach a [lámha] chun an Tiarna. Altóir an Teampaill féin, chuireadar sacéadach uirthi,
12 agus d'impíodar Dia Iosrael d'aon ghuth ard gan a gcuid leanaí a ligean chun eirligh, ná a gcuid ban chun fuadaigh, ná a mbailte dúchais chun scriosta, ná an Teampall naofa chun sáraithe agus truaillithe agus fonóide ag ginte na hurchóide.
13 Thug an Tiarna cluas dá n‑achainí, agus d'fhéach sé le taise ar a ngátar. Mar ní aon lá amháin, ach tamall fada, a thug an pobal ar troscadh in Iúdáia agus in Iarúsailéim féin os comhair thearmann an Tiarna uilechumhachtaigh.