1 Chuaigh an scéal chun Holofarnaes, ardcheannasaí airm na nAsaíreach, i dtaobh an ullmhúchán cogaidh seo a bhí ar siúl ag muintir Iosrael - na conairí sléibhe druidte ag gardaí, múrtha cosanta ar bharr na gcnoc agus bábhúin chun ceataí thíos sa réidh.
2 Ní miste á rá go raibh fearg air. Ghlaoigh sé chuige taoisigh Mhóáb agus ceannairí Amón agus rialtóirí an chósta thiar.
3 “Canánaigh sibhse,” ar seisean leo, “agus ba cheart go mbeadh aithne agaibh ar an gcine seo sna cnoic. Abraigí liom: Cén sórt iad? Cad iad na cathracha atá acu? An bhfuil arm mór acu? Nó cad is mó a thugann neart agus crógacht dóibh?
4 Agus canathaobh gurbh iad seo an t‑aon chine san iarthar nach dtiocfadh amach chugam?”
5 Aichíór, taoiseach chlann Amón go léir, a thug freagra air. “A thiarna liom,” ar sé, “murar mhiste dom focal a rá, féadaimse an fhírinne a insint duit faoin gcine seo atá ag cur fúthu sna sléibhte i do chóngar. Ní bheidh focal bréige le cloisteáil ó bhéal do shearbhónta.
6 De phor na gCaildéach a shíolraíodar ar dtús,
7 ach chuireadar fúthu sa Mheaspatáim toisc nach rabhadar sásta leanúint de na déithe a d'adhradh a sinsir i dtír na gCaildéach.