12 Screadadar os ard chun an Dé a bhí acu, agus chuir seisean plánna ar an Éigipt uile nach raibh leigheas orthu. Níorbh ionadh ina dhiaidh san gur chuir muintir na hÉigipte chun bóthair as a radharc iad.
13 D'ísligh Dia an Mhuir Rua go grinneall rompú,
14 agus seo leo trí Shíonái agus Cáidéis Bairneá, eisean á dtreorú agus treibheanna an fhásaigh á gcur as seilbh i ndiaidh a chéile acu.
15 Chuireadar fúthu i dtír na nAmórach agus rinneadar sceanairt de mhuintir Heisbeon le neart airm. Ina dhiaidh sin, chuireadar an Iordáin díobh anoir, agus ghabhadar seilbh ar na cnoic theas ansiúd.
16 Na Canánaigh agus na Pirizigh agus na Iabúsaigh agus muintir Sheicim agus na Giorgáisigh, na treibheanna a bhí ann rompu, ghlanadar as a slí iad, agus d'áitíodar féin sa tír ar feadh i bhfad.”
17 “An fad nach ndearnadar aon pheaca in aghaidh an Dé a bhí acu, bhí leo, mar Dia is ea é ar gráin leis an éagóir.
18 Ach nuair a d'iompaíodar i leataobh ón mbóthar a bhí leagtha amach aigesean dóibh, bhí scéal eile ann. Cuireadh cath i ndiaidh catha orthu, agus maraíodh cuid mhór acu san ár agus tógadh cuid eile i mbraighdeanas go dtí tír iasachta. Níor fágadh de Theampall a nDé ach an dúshraith fuar, agus bhí a gcuid cathracha ar fad i seilbh a naimhde.