5 Aichíór, taoiseach chlann Amón go léir, a thug freagra air. “A thiarna liom,” ar sé, “murar mhiste dom focal a rá, féadaimse an fhírinne a insint duit faoin gcine seo atá ag cur fúthu sna sléibhte i do chóngar. Ní bheidh focal bréige le cloisteáil ó bhéal do shearbhónta.
6 De phor na gCaildéach a shíolraíodar ar dtús,
7 ach chuireadar fúthu sa Mheaspatáim toisc nach rabhadar sásta leanúint de na déithe a d'adhradh a sinsir i dtír na gCaildéach.
8 Chaitheadar uathu nósanna a n‑aithreacha agus chuadar ag adhradh Dé na spéire, a rabhadar tar éis aithne a chur air. Ní ligfí cónaí mar a raibh na seandéithe á n‑adhradh, agus is ansin a theitheadar go dtí an Mheaspatáim, áit ar thugadar tamall maith ann.
9 Ansin dúirt Dia leo aistriú arís ón áit ina rabhadar ag cur fúthu go dtí Canán, agus chuireadar fúthu ansin agus chruinníodar ór agus airgead agus tréada móra bó.
10 Ach tháinig gorta géar tráth ar fud Chanán, agus dhruideadar leo síos go dtí an Éigipt. D'fhanadar ansin an fad a bhí bia ann dóibh, agus tháinig méadú mór orthu ann, i dtreo go mba chine thar comhaireamh sa deireadh iad.”
11 “Tháinig an lá, áfach, gur iompaigh rí na hÉigipte ina gcoinne, agus bhíothas ag teacht i dtír orthu as sin amach. Cuireadh orthu sclábhaíocht i ndéantús brící, gan an dara rogha acu, agus bhíothas á mbrú síos chun bochtanais agus chun braighdeanais.