14 Ar ball, bhí muintir Iosrael anuas as an mbaile, agus nuair a thángadar chomh fada leis, bhaineadar na cuibhreacha de. Suas leo go dtí Béitiúilia ansin agus thugadar os comhair mhaoir an bhaile é.
15 Uizíá mac Mhíceá de threibh Shimeon agus Chaibris mac Ghotoiníéil agus Chairmis mac Mheilcíéil na maoir a bhí ann an t‑am san.
16 Chuireadarsan fios chun cruinnithe ar sheanóirí an bhaile, agus bhí an t‑aos óg agus na mná chucu ar sodar chomh maith. Cuireadh Aichíór ina sheasamh i lár an tslua, agus cheistigh Uizíá é i dtaobh ar tharla.
17 D'inis sé dóibh a ndúradh i gcomhairle Holofarnaes, an méid a dúirt sé féin os comhair taoiseach na nAsaíreach, agus an bladhmann go léir a bhí ag Holofarnaes i dtaobh a ndéanfadh sé do mhuintir Iosrael.
18 Shléacht an slua go talamh in onóir do Dhia agus thógadar a nguthanna suas chuige.
19 “A Thiarna, Dia na bhFlaitheas,” ar siad, “féach an mór is fiú atá ar siúl acu, agus déan trócaire ar ar gcine atá faoin mbráca. Táimid coisricthe duit, agus is chugat atá ár súile: féach orainn le taise inniu.”
20 Thugadar cuidiú carad d'Aichíór, agus ardmholadh.