17 D'inis sé dóibh a ndúradh i gcomhairle Holofarnaes, an méid a dúirt sé féin os comhair taoiseach na nAsaíreach, agus an bladhmann go léir a bhí ag Holofarnaes i dtaobh a ndéanfadh sé do mhuintir Iosrael.
18 Shléacht an slua go talamh in onóir do Dhia agus thógadar a nguthanna suas chuige.
19 “A Thiarna, Dia na bhFlaitheas,” ar siad, “féach an mór is fiú atá ar siúl acu, agus déan trócaire ar ar gcine atá faoin mbráca. Táimid coisricthe duit, agus is chugat atá ár súile: féach orainn le taise inniu.”
20 Thugadar cuidiú carad d'Aichíór, agus ardmholadh.
21 Thug Uizíá abhaile go dtí a theach féin é tar éis an chruinnithe agus chuir sé cóir dí ar na seanóirí ann ina theannta. Agus thugadar an oíche sin go léir ag iarraidh cabhrach ar Dhia Iosrael.